Lá na gCraobhacha - Trasna Tíre - ALSAA
Bhí lá iontach ag páistí ó R3-6 agus iad ag rasaíocht trasna tíre in ALSAA ar an gCéadaoin. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Rinne páistí R3 300m, R4 400m, R5 500m, agus R6 600m. Bhain gach duine taitneamh as an lá agus ár mbuíochas do Chomhailre Contae Fhine Gall.
Íoga Amuigh faoin Aer!
Scipeáil ar Fud na hEorpa
Táimid ag fós ag scipeáil timpeall na hEorpa. Tá ranganna tar eis dul go Vaileite, Búcairist, Osló, Stócólm, Páras agus Sóifia ina measc! Tá an léarscáil ag féachaint go maith! Is breá leis na hardranganna píosa spraoi a bheith acu agus rópa níos faide a úsáid!! Tá roinnt rannta acu chomh maith - bíonn siad ag canadh agus ag scipeáil!!
Táimid ar ais i ndiaidh briseadh álainn fada agus is léir go raibh na páistí ag scipeáil agus ag cleachtadh roinnt de na cleasa thar na Cásca!!! Buíochas le Dia go bhfuil an aimsir fós ar fheabhas dúinn agus muid ag scipeáil timpeall na hEorpa!! Seo na Naíonáin Bheaga ag taispeáint do na hardranganna cé chomh maith is atá siad!!!
Tá na hardranganna tar éis féachaint ar na físeanna ar an suíomh ‘SKIP Around Europe’ Challenge | Active School Flag agus tá siad ag déanamh na cleasanna uile!!!
Bhuaigh Múinteoir Anna comórtas scipeála inniu ar Mhúinteoir Niamh!! Caithfidh go mbíonn sí ag cleachtadh sa bhaile!
Bhuaigh Múinteoir Anna comórtas scipeála inniu ar Mhúinteoir Niamh!! Caithfidh go mbíonn sí ag cleachtadh sa bhaile!
Féach ar na Naíonáin Mhóra ag scipeáil inniu!! Caithfidh go bhfuil siad tar éis imeacht i bhfad i gcéin! Maith sibh pásití.
Lá 6 do scipeáil ar fud na hEorpa agus muid fós ag léim linn!!! Idir na ranganna ar fad táimid tar éis taisteal chuig nachmór na tíortha ar fad - ach le carbon footprint álainn íseal!!
Caithfimid a rá go bhfuil an aimsir álainn ag cabhrú go mór linn agus muid ag scipeáil gach lá. Lá 3, Dé Céadaoin, bhí sé thar a bheith grianmhar agus bhí carn mór geansaithe fághta agus an scipeáil idir lámha ag na ranganna!! Chonaiceamar roinnt cleasanna scipeála i measc na scolairí chomh maith! Nach iontach iad!!!
Féách ar na ranganna fós lán de spraoi agus iad ag tabhairt faoi lá 2. Tá roinnt ranganna tar éis imeacht chuig tíortha éagsúla cheana féin!!
Tháinig na téada scipeála ar maidin agus bhí sceitimní orainn ar fad dul amach leo! Tá clár ama déanta ullamh agus gach rud réidh againn!! Táimid go léir ar bís tabhairt faoin dúshlán seo!
Tá obair ar bhun agus muid ag ullmhú do Scipeáil ar Fud na hEorpa ag tosú ar an 31 Márta!
Céilí Seachtain na Gaeilge
Thugamar fáilte is fiche do pháístí ó scoil eile teacht chugainn i Scoil Oilibhéir inniu chun céilí speisialta a dhéanamh ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge. Rinneamar Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, Droichead Átha Luain agus An Cor Beirte. Chríochnaíomar le Rince na Deilbhe. Bhain gach duine taitneamh as an craic, spórt 's spraoi!!
Rasaíocht Trastíre
D'éirigh go hiontach le R3, R4, R5 agus R6 leis an rásaíocht trastíre i mBaile an Phoirtéaraigh inné!! Bhí maidin den scoth eagraithe ag Fingal Sports! Chabhraigh an dea-aimsir!!!
Naíonáin Bheaga ag lorg dathanna agus cruthanna ar an Siúlbhealach Gníomhach!!
Bhain na Naíonáin Bheaga sult as na cruthanna agus dathanna a lorg inniu ar an Siúlbhealach Gníomhach! Bhí cabhair acu inniu don chéad lá dóibh é a dhéanamh ach bhíodar ina saineolaithe roimh i bhfad!!
Dúisigí Éirigí... Siúlbhealach Gníomhach
Bhí am álainn ag R4 agus R1 ag úsáid an siúlbhealach inniu don Mhata! D'fhéachadar ar Cruthanna 2T agus dathanna!! Tháinig an ghrian amach fiú!!
Siúlbhealach Gníomhach Scoile
I ndiaidh dúinn freastal ar an webinar Active School Walkway agus na hachmhainní ar fad a fháil chun na scoile bhí Mick thar a bheith gnóthach ag crochadh na cairteacha ar fad dúinn. Bhailíomar na smaointí a bhí ag na páistí faoi na háiteanna gur chóir iad a bheith ar taispeáint. Fuair R4 an deis é a dhéanamh ar dtús!! Bhain siad taitneamh as - mar atá soléir thíos!!!
Ciorcaid Chéadfaí
An gcreideann sibh go bhfuil 8 seachtaine déanta ag na Naíonáin Bheaga lena gCiorcaid Chéadfaí?? Tá feabhas ollmhór tar éis teacht ar na scileanna bunghluaiseachta.
Míle buíochas do R4 ag cabhrú linn agus dár ndóigh Múinteoir Lára a d'eagraigh é!! Maith sibh!!
Míle buíochas do R4 ag cabhrú linn agus dár ndóigh Múinteoir Lára a d'eagraigh é!! Maith sibh!!
Shocraigh na múinteoirí ar gcoiste an Scoil Ghníomhach Ciorcaid Chéadfaí a eagrú do na naíonáin bheaga ar feadh 6 seachtaine. Tá sé tosnaithe anois agus tá na staisiúin uile ag freagairt ar na scileanna bunghluaiseachta. Támid cinnte go bhfeicimid dul chun cinn iontacha go luath. Tá páistí R4 ón gcoiste gníomhach ag cabhrú leo chomh maith.
Sí an Nollaig í / Fíricí Fánacha na Nollag /
Sodar San Niocláis
Cosúil le gach uile scoil bhí atmaisféar gnóthach timpeall Scoil Oilibhéír i Mí na Nollag. Mar aon le Seó na nÓg, Seirbhís na gCarúl, Aonach na Nollag agus na nithe eile a thagann leis an seasúr seo a chéiliúradh fós ghlacamar an deis Toraíocht Taisce na Nollag a dhéanamh timpeall na scoile. D’éirigh go hiontach linn ar fad – d’fhoghalim na pásití cúpla rud nua leis – bhí ar roinnt ranganna éisteacht le Christmas 1915 (A Silent Night) chun scéal ar an gcéad cluiche sacar a fháil!
Mar is eol dúinn go léir níor éirigh linn Súilóid na Samhna a dhéanamh de bharr an drochaimsir ach buíochas le Dia d’éirigh linn Sodar San Niocláis a dhéanamh timpeall Páirc na Mílaoise! Ghlac gach páiste ó gach rang páirt mar aon leis na múinteoirí agus roinnt tuismitheoirí! Bhí lucht féachana breá ann chun tacaíocht a thabhairt dúinn.

Sosanna Spleodracha Mhí na Samhna 2024
Agus an aimsir ag dul in olcas ba iontach an dúshlán dúinn tabhairt faoina Sosanna Spleodracha - 10 nóimeád ag bogadh, ag damhsa, ag gluaiseacht gach uile lá!! Tá 6 lá as 20 déanta againn anois agus caithfimid a rá go bhfuil atmaisféar gníomhach le bhraith timpeall na scoile ar fad!! Tá an Coiste Scoil Ghníomhach ag obair go dian ag coinneáil taifead ar na sosanna mar aon le smaointí agus achmhainní a roinnt linn chun muid a spreagadh!
Chríochnaíomar an dúshlán Sos Ghníomhach i ndiaidh dúinn 4 seachtaine a chaitheamh ag gluaiseacht gach lá. Bhain na ranganna uile úsáid as réimse fairsing achmhainní – Go Noodle, 10 ag 10, Olympic Movement Breaks, Just Dance, achmhainní ar https://activeschoolflag.ie/. Táimid cinnte go leanfaimid ar aghaidh le sosanna ghníomhaí a dhéanamh mar chuid don lá scoile!!

Active Kids Learn Better!
I ndiaidh dúinn freastal ar Active Kids Learn Better tá roinnt ranganna ag baint triail as obair ghníomhaíocht a dhéanamh tríd na hábhair uile. Mar aon leis seo le linn Sheachtain an Mhata, ghlac na ranganna páirt i loirg Mhata timpeall na scoile. Thaitin sé go mór leis na páistí a bheith ag foghlaim amuigh faoin aer!
Spraoi na Samhna
Ní raibh an deis againn Siúlóid an Samhna a dhéanamh i mbliana de bharr an drochaimsir ach d'éirigh linn Spraoi na Samhna a dhéanamh sa Halla do ranganna Naí. Bheaga go R2. Bhaineadar tairbhe as!!!
Foghlaim Ghníomhach i Scoil Oilibhéir
I ndiaidh dúinn freastal ar Active Kids Learn Better tá roinnt ranganna ag baint triail as obair ghníomhaíocht a dhéanamh tríd na hábhair uile. Mar aon leis seo le linn Sheachtain an Mhata, ghlac na ranganna páirt i loirg Mhata timpeall na scoile. Thaitin sé go mór leis na páistí a bheith ag foghlaim amuigh faoin aer!
#relaystakeover
Bhí an chéad ócáid ilscoile againn #relaystakeover againn ag deireadh na míosa. B'iontach an lá a bhí againn agus ghlac gach uile pháiste ó Naíonáin Mhóra go R6 páirt! Rinne Naíonáin Bheaga rásanna dá gcuid féin sa halla an lá céanna! Rinneamar staidéar ar conas an baitín sealaíochta a chur ar aghaidh chuig a chéile roimh an lá mór agus bhí sé soiléir go raibh na páistí ar fad ar an eolas ar conas é a dhéanamh.