Fáilte chuig leathanach
Rang a hAon Buí!
2025 -2026
Fáilte go dtí ár leathanach. Beidh samplaí d'ár gcuid oibre agus gníomhaíochtaí le feiceáil anseo.
Ár gCéad lá ar ais ar scoil.
Is cuimhin liom go maith
Mo chéad lá ar ais ar scoil,
Na páistí go léir,
Is iad ag gol.
Ach ní mar sin domsa,
bhí mise lán sásta,
Shiúil mé isteach ann,
Mar dhuine mór fásta.
Ag bailiú Dearcáin
Is é an t-am seo den bhliain go mbíonn flúirseach torthaí agus cnónna ar na sceacha agus ar na crainn. Bhailigh muidne agua Rang 1 Glas go leor dearcáin i bPáirc na Mílaoise. Tá sé ar intinn againn iad a chur i bpotaí. (cartáin bainne)
Is Breá linn Mata
Bímid ag úsáid ábhair choincréiteacha chun ceisteanna Mata a réiteach. Táimid ag foghlaim faoi línte díreacha agus línte cuartha, uillinneacha agus coirnéil faoi láthair.
Ag tógáil agus ag Forbairt Scileanna Mínluaileacha
Ag Déanamh Ealaín ar nós Kandansky
Damháin Alla
Táimid ag foghlaim faoi damháin alla faoi láthair agus seo dán fúthu:
An tIascaire
Caitheann sé líon amach
In áit nach mbíonn sé fliuch,
Oibríonn sé go dícheallach
Is é chomh ciúin le luch.
Is damhán alla é an t-iascaire
Ní ar iasc a thóir
Ní fearr leis rud ar bith
Ach cuileog ramhar, mór.
Éamonn Ó Riordáin
An tIascaire
Caitheann sé líon amach
In áit nach mbíonn sé fliuch,
Oibríonn sé go dícheallach
Is é chomh ciúin le luch.
Is damhán alla é an t-iascaire
Ní ar iasc a thóir
Ní fearr leis rud ar bith
Ach cuileog ramhar, mór.
Éamonn Ó Riordáin
Ag Cur Dearcáin
Fuair mé dearcán i bPáirc na Mílaoise,
Is chuir mé é sa chré.
D'fhreastail mé go haerach air,
Ag súil go bhfásach sé.
Lá is mé ar chúl an ranga,
Leath mo shúile is mo bhéal.
Bhí an dearcán ag sá amach a chinn
Chun féachaint ar an saol.
Is chuir mé é sa chré.
D'fhreastail mé go haerach air,
Ag súil go bhfásach sé.
Lá is mé ar chúl an ranga,
Leath mo shúile is mo bhéal.
Bhí an dearcán ag sá amach a chinn
Chun féachaint ar an saol.
Seachtain Mata
Rinneamar go leor gníomhaíoctaí do Sheactain Mata. Thaitin scéal darb ainm 'TRIANGLE' dúinn atá scríofa ag Mac Barnett & John Klasson. Brú ar an nasc thíos chun é a chloisteáil.
Oíche Shamhna
Bhimid ag ag déamah ealaín bunaithe ar an téama 'Oíche Shamhna'. Thógamar Tinte Cnámh. Chomh maith le sin d'fhoghlamar go leor faoi Sábháilteacht Dóiteáin agus sábhailteacht ag Oíche Shamhna.
Seo muid gléasta suas ar an lá deirneach roimh an mbriseadh leath-théarma. Chuamar an shiúlóid scanrúla i bPáirc na Mílaoise.
In November We Remember
Cuairt ar Leabharlann Baile Bhlainséar
Thug Rang 1 Buí cuairt ar ar Leabharlann Baile Bhlainséar le deirneas. Bhaineamar an taitneamh as.
Tá Daidí na Nollag ag Teacht......Go Luath!!
|
|
Bhímid ag canadh an t-amhrán 'Bígí go Maith' i Sheó na Nollag.
Nollaig Shona
Bhaineamar an-taitneamh as Lá na bPitseámaí. Bhí na teidithe go léir ar a gcompóird sa rang chomh maith. Nollaig shona daiobh agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.
Spórt
Bímis ag déanamh go leor spórt i Rang 1 Buí. Seo muid ag déanamh peil le Conor agus ag déanamh rang ciorcad chun neart agus scileanna gleacaíochta a fhorbairt.
Taispeáin dúinn an tAirgead!
Seo dán i bhfoirm samhlacha a d'fhoghlaim muid sa rang le deireanas.
Beannachtaí na Féile Bríde oraibh go léir.
Na Crainn is fearr linn
Seo na crainn is fearr leis na páistí i Rang 1 Buí i Scoil Oilibhéir. Chuireamar isteach ar Chomórtas Grianghrafadóireachta á eagrú ag Coillte.
Rang 1 Buí agus Rang 1 Glas ar shiúlóid dúlra le deirneanas
Ag Dreapadh na Ballaí
An Dearcán
Fuair mé dearcán i bPáirc na Mílaoise
Is chuir mé é sa chré
D'fhreastail mé go haireach air
ag súil go bhfásfadh sé.
Lá is mé ar chúl an ranga
Leath mo shúile is mo bhéal,
Bhí an síol ag sá amach a chinn
Chun féachaint ar an saol.
Fuair mé dearcán i bPáirc na Mílaoise
Is chuir mé é sa chré
D'fhreastail mé go haireach air
ag súil go bhfásfadh sé.
Lá is mé ar chúl an ranga
Leath mo shúile is mo bhéal,
Bhí an síol ag sá amach a chinn
Chun féachaint ar an saol.
Seachtain na Gaeilge
Rinneamar go leor gníomhaíochtaí i rith Seachtain na Gaeilge idir, céilí, ealaín, piar léitheoireacht, cluichí clóis, siúlóidí i bpáirc na Mílaoise, ámhránaíocht agus cluichí boird.
Spring Picnic Planning
Seo amhrán atáimid ag déanamh sa rang foai láthair darb Amhrán na Bó.






































