Beannachtaí na Cásca
Tráth na gCeist Mata
Ghlacamar páirt i dTráth na gCeist Mata maidin inniu le Ionad Tacaíochta Oideachais Thrá Lí!! Bhí orainn a bheith ag smaoineamh, ag tarraingt agus ag láimhseáil rudaí chun na freagraí a fháil - d'éirigh linn don chuid is mó!!
Bhuaigh Sorcha Rás na Lacha chomh maith!!
Bhuaigh Sorcha Rás na Lacha chomh maith!!
Scipeáil ar fun na hEorpa
Tá R4 (agus an scoil ar fad) ag scipeáil ar fud na hEorpa mar chuid den mBratach Ghníomhach! Is ionann léim amháin agus km amháin!! Tá na páístí ag baint taitneamh as agus is leithscéal iontach é fanacht amuig sa ghrian agus an aimsir álainn againn!!
STEM le Rang 4
Táimid ag foghlaim faoin mhaighnéadas. Bhain na páistí taitneamh as a bheith ag súgradh / ag déanamh iniúcadh orthu agus ag foghlaim conas a n-oibríonn siad!
An tSeapáin
Le coicís anuas bhí R4 ag obair go dian ag tabhairt fao tionscnamh ar an tSeapáin. Bhí an deis acu inniu cur i láthair a dhéanamh don scoil ar fad! Mar aon le seo bhí an scoil ag céiliúradh Lá Domhanda um Leabhair ar an lá céanna agus mar sin bhí an-chuid carachtair éagsúil i láthair! Ghlacamar an deis ár longa Lochlannach a thaispeáint chomh m1
Céilí Seachtain na Gaeilge
Thugamar fáilte is fiche do pháístí ó scoil eile teacht chugainn i Scoil Oilibhéir inniu chun céilí speisialta a dhéanamh ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge. Rinneamar Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, Droichead Átha Luain agus An Cor Beirte. Chríochnaíomar le Rince na Deilbhe. Bhain gach duine taitneamh as an craic, spórt 's spraoi!!
Cairde nua ar Scoil
Tá Glóthach Fhroig againn sa lochán uisce!! Seo tús saolré an fhroig. Tosaíonn siad mar seo - ciorcal dubh taobh istigh den ubh.
Beimid ag faire amach orthu gach uile lá anois!
Beimid ag faire amach orthu gach uile lá anois!
Máirt na hInide
Leithscéal deas chun soláistí a bheith againn ar scoil!! Beimid ag rith ag an am seo amárach mar sin cén dochar?!
Banksy
Tá R4 Glas ag féachaint ar obair Banksy faoi láthair. Tá ealaíontóirí den scoth againn sa rang. Banksy watch out!!
Canaimís duit a Bhríd Naofa!!
Fíricí Fánacha na Nollag
Díospóireacht Ranga
Ba chóir deireadh a chur le tástáil ainmhithe...
Sí seasúr an Nollaig í!
Tá R4 Glas gnóthach ag déanamh maisiúcháín na Nollag chun an scoil agus an rang a ullmhú roimh Aonach an Nollag!!
1 - 2 - 3 Rang a 4 ag spraoi!!!
Seachtain an Mhata 2024 - Cén t-am é a Mhac Tíre!!!
Seachtain an Mhata 2024
Tá páistí R4 Glas ag obair go dian le linn Seachtain an Mhata - ach dár ndóigh bíonn siad ag obair go dian i gconaí!!! Táiid ag féachaint ar Roinnt sa rang agus ag úsáid cúibeanna agus spotaí chun cabhrú leo.
Rinneamar Loirg Mhata ar maidin timpeall na scoile (le tacaíocht ó R6)
Rinneamar Loirg Mhata ar maidin timpeall na scoile (le tacaíocht ó R6)
Páistí R4 ag déanamh taifead do Phoenix FM
Sábháilteacht ar Bhóithre - Cúla 4 Nuacht
Daily Mile - Lá 1 (as 20)!!
Cumhacht an Nádúir
Rinne R4 muilte gaoithe le deanaí. Beidh feirm ghaoithe againn go luath!!
Mata sa Rang
Rang a 4 ag obair go dian sa Mhata!!
Nascanna Úsáideacha
Your browser does not support viewing this document. Click here to download the document.