Fáilte go dtí leathanach Rang a 5!
Fáilte go dtí ár leathanach. Beidh muid ag obair go crua i rith na bliana agus cuirfidh muid samplaí don obair iontach atá déanta againn ar an leathanach seo chun é a roinnt libhse! Tá súil againn go mbaineann sibh sult as!
Sábháilteacht Dóiteáin
Tá muid an-bhuíoch de na fir dóiteáin as an chuairt an tseachtain seo. Bhí muid ar bís iad agus an t-inneall dóiteáin a fheiceáil. D'fhoghlaim muid chuid mhór ó thaobh sábháilteacht dóiteáin de agus bhí lá sultmhar againn go léir! Go raibh maith agaibh!
Ióga
Tagann Ciarán ó Óga Ióga chugainn gach Luan. Tá R5 ag baint an-sult as Ióga agus ag foghlaim rudaí nua gach seachtain. Tá maidin Luain i bhfad níos fearr anois! Namaste.
|
|
Comhghairdeas ollmhór le Amy. Bhí obair Amy sa fhráma an tseachtain seo. Nach bhfuil an obair seo gleoite?
|
An Leictreachas
Bhí Rang a Cúig i mbun oibre le coicís anuas leis an leictreachas. Tuigeann siad anois an difríocht idir seoltóir agus inslitheoir agus aithníonn siad na ciorcaid éagsúla. Tuigeann siad freisin an géarghá le cúram nuair a bhíonn tú ag plé le leictreachas. Is gá duine cáilithe a fháil chun aon obair leictreach a dhéanamh lasmuigh den seomra ranga! Táimid ag obair ar thionscnamh speisialta faoi láthair agus táthar ag súil leis go mbeidh toradh na hoibre sin le feiceáil an tseachtain seo chugainn.














