Sí an Nollaig í / Fíricí Fánacha na Nollag / Sodar San Niocláis
Cosúil le gach uile scoil bhí atmaisféar gnóthach timpeall Scoil Oilibhéír i Mí na Nollag. Mar aon le Seó na nÓg, Seirbhís na gCarúl, Aonach na Nollag agus na nithe eile a thagann leis an seasúr seo a chéiliúradh fós ghlacamar an deis Toraíocht Taisce na Nollag a dhéanamh timpeall na scoile. D’éirigh go hiontach linn ar fad – d’fhoghalim na pásití cúpla rud nua leis – bhí ar roinnt ranganna éisteacht le Christmas 1915 (A Silent Night) chun scéal ar an gcéad cluiche sacar a fháil!
Mar is eol dúinn go léir níor éirigh linn Súilóid na Samhna a dhéanamh de bharr an drochaimsir ach buíochas le Dia d’éirigh linn Sodar San Niocláis a dhéanamh timpeall Páirc na Mílaoise! Ghlac gach páiste ó gach rang páirt mar aon leis na múinteoirí agus roinnt tuismitheoirí! Bhí lucht féachana breá ann chun tacaíocht a thabhairt dúinn.
Mar is eol dúinn go léir níor éirigh linn Súilóid na Samhna a dhéanamh de bharr an drochaimsir ach buíochas le Dia d’éirigh linn Sodar San Niocláis a dhéanamh timpeall Páirc na Mílaoise! Ghlac gach páiste ó gach rang páirt mar aon leis na múinteoirí agus roinnt tuismitheoirí! Bhí lucht féachana breá ann chun tacaíocht a thabhairt dúinn.
Sosanna Spleodracha Mhí na Samhna 2024
Agus an aimsir ag dul in olcas ba iontach an dúshlán dúinn tabhairt faoina Sosanna Spleodracha - 10 nóimeád ag bogadh, ag damhsa, ag gluaiseacht gach uile lá!! Tá 6 lá as 20 déanta againn anois agus caithfimid a rá go bhfuil atmaisféar gníomhach le bhraith timpeall na scoile ar fad!! Tá an Coiste Scoil Ghníomhach ag obair go dian ag coinneáil taifead ar na sosanna mar aon le smaointí agus achmhainní a roinnt linn chun muid a spreagadh!
Chríochnaíomar an dúshlán Sos Ghníomhach i ndiaidh dúinn 4 seachtaine a chaitheamh ag gluaiseacht gach lá. Bhain na ranganna uile úsáid as réimse fairsing achmhainní – Go Noodle, 10 ag 10, Olympic Movement Breaks, Just Dance, achmhainní ar https://activeschoolflag.ie/. Táimid cinnte go leanfaimid ar aghaidh le sosanna ghníomhaí a dhéanamh mar chuid don lá scoile!!
Imeachtaí Scoile
Marcaíocht Capall
Bíonn deis ag Rang na Realtaí dul ag marcaíocht capall gach seachtain. Baineann na scolairí (agus na múinteoirí) taitneamh as i gcónaí!!
Marathon Kids & The Daily Mile
Rinne na páistí R5 agus R6 Marathon Kids agus chuadar ag rith gach lá timpeall ar Pháirc na Mílaoise le Múinteoirí Kerrie agus Áine. Tá an Daily Mile á dhéanamh ag R4 le Múinteoirí Doireann agus Niamh. Tá sé go hiontach go bhfuil na páistí uile ó R4-R6 ag glacadh páirt!
Rince Gaelach
Tá Niamh istigh le rang na Naíonán Beag agus le Ranganna na Naíonán Mór ag déanamh Rince Gaelach. Tá na páistí ag baint taitnimh as na céimeanna uile a fhoghlaim.
Gleacaíocht
Bíonn Natasha linn ag déanamh gleacaíocht le ranganna 1-3. Tá siad ag obair ar an gcothromaíocht faoi láthair.
Ióga
Tá Múinteoir Katia ag déanamh ranganna Ióga le roinnt páistí gach lá sa Halla ag 12 agus baineann siad an-tairbhe as na ranganna seo.
CLG
Le linn mhí Dheireadh Fómhair bhí an-chuid imeachtaí ar siúl sa scoil. Bhí Conor linn chun druileanna CLG a dhéanamh le ranganna 4-6. Bhí Kerrie, Gráinne, Pádraig agus Antóin thar a bheith gnóthach ag treanáil peile le foirne na scoile agus d'éirigh leis na buachaillí an corn a bhuachaint. Bhí lá den scoth againne ar fad i bPáirc an Chrócaigh.
Foghlaim Ghníomhach i Scoil Oilibhéir
I ndiaidh dúinn freastal ar Active Kids Learn Better tá roinnt ranganna ag baint triail as obair ghníomhaíocht a dhéanamh tríd na hábhair uile. Mar aon leis seo le linn Sheachtain an Mhata, ghlac na ranganna páirt i loirg Mhata timpeall na scoile. Thaitin sé go mór leis na páistí a bheith ag foghlaim amuigh faoin aer!
Coiste Scoil Ghníomhach Deireadh Fómhair 2024
Chuireamar an coiste ghníomhaíocht le chéile le páistí R4-6 tá siad ar bís a bheith ag obair le chéile chun ócáidí ilscoile a eagrú do na páistí uile!
Mana na Gluaiseachta Deireadh Fómhair 2024
I mí Dheireadh Fómhair bhí comórtas againn idir na ranganna chun Mana na Gluaiseachta a roghnú dár scoil. Tháinig na páistí aníos le han-chuid smaointí den scoth agus bhí post thar a bheith deacair againn go léir ceann a roghnú! Shocraíomar ar "Scoil Oilibhéir amuigh faoin aer"!
#relaystakeover Meán Fómhair 2024
Bhí an chéad ócáid ilscoile againn #relaystakeover againn ag deireadh na míosa. B'iohtach an lá a bhí againn agus ghlac gach uile pháiste ó Naíonáin Mhóra go R6 páirt! Rinne Naíonáin Bheaga rásanna dá gcuid féin sa halla an lá céanna! Rinneamar staidéar ar conas an baitín sealaíochta a chur ar aghaidh chuig a chéile roimh an lá mór agus bhí sé soiléir go raibh na páistí ar fad ar an eolas ar conas é a dhéanamh.
Ag Tosú Amach - Meán Fómhair 2024
Ag ár gcéad cruinniú foirne i mí Mheán Fómhair shocraíomar ar tabhairt faoin mbratach ghníomhaíocht inár scoil. D'fhreastail muid ar an webinar Ag Tosú Amach agus roinneamar an t-eolas ar fad i measc an fhoireann scoile uile!!! Bhí gach duine lán d'fhuinneamh agus réidh chun tabhairt faoi. Rinneamar suirbhé i measc foireann na scoile chun cinnte a dhéanamh de go raibh gach duine sásta páirt a ghlacadh sna himeachtaí ar fad - bhíomar ar bís go raibh gach duine ar bís diriú ar an mBratach Ghníomhach.