Nuacht is déanaí
Athbhreithniú ar an bPolasaí Bí Cineálta
Review of Bí Cineálta Policy
In omós do Sheán ó Beacháin
Cúpla focal le Gráinne Bn. Uí Chaomhánáigh - Iarphríomhoide Scoil Oilibhéir
Tá cara dílis caillte ag Scoil Oilibhéir ó d’imigh Seán Ó Beacháin uainn ar shli na fírinne le gairid. Bhí Seán ina phríomhoide ar Scoil Phobail Chúil Mhín ó 1972, bliain a bunaithe, go casadh na mílaoise. Mar is eol do na staraithe, thosnaigh an scoil sin amach ar shuíomh sheantí na Cúile Míne, fad is a bhí an scoil buan á tógáil dóibh. Sin an áit chéanna ina bhfuil Scoil OIlibhéir lonnaithe anois.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin, 1975, go raibh coiste bunaithe Scoil Oilibhéir ag bailiú ainmneacha páisti agus ag lorg suímh. Cheap an Roinn Oideachais go mbeadh an cúinne seo oiriúnach, ach ba le Scoil Phobail Chúil Mhín é. Níorbh aon rud éasca é an tuairim sin a dhíol le pobal na scoile – sciar breá talún á ghéilleadh don Ghaelscoil nua.
Bhí argóinti teasaí ann, agus cruinnithe crosta, ach sheas Seán don rud ceart - seans a thabhairt do pháisti an cheantair oideachas tré Ghaeilge a fháil.
Duine uasal, Gaeilgeoir go smior, oideachasóir a chreid i ndeiseanna a chruthú don aos óg, agus a chreid freisin i leas an phobail – gach pobal. B’shin tús de bhlianta fada tacaíochta, comhairle agus fialtais ó chara agus ó chomharsa den chéad scoth.
Táimíd buíoch as gach a rinne sé dúinn agus buíoch go dtí an lá inniu de na daoine a tháinig i gcomharbacht air sa Chúil Mhin agus a lean leis an gcairdeas agus leis an gcineáltas a bhunaigh Seán Uasal Ó Beacháin.
Go dtuga Dia suaimhneas síorai dó agus go bhfaighe a chlann sólás ón iliomad gaisce a rinne sé anseo i mBÁC15 thar na blianta.
Scoil Oilibhéir has lost a true friend with the recent passing of Seán Ó Beacháin.
Seán was principal of Coolmine Community School from 1972, the year it was founded, until the turn of the millennium. As the historians among us will know, the school initially operated on the site of the old Coolmine House while their permanent school building was being constructed. This is the very same site on which Scoil Oilibhéir is located today.
It was not long afterwards, in 1975, that the committee established to set up Scoil Oilibhéir began collecting children’s names and looking for a site for the new school. The Department of Education felt that this particular corner would be suitable, but it belonged to Coolmine. It was no easy task convincing the Coolmine school community to give up a valuable piece of land for the new Irish-medium school. There were heated arguments and difficult meetings, but Seán stood by what was right – giving the children of the area the opportunity to receive their education through Irish.
A gentleman, a committed Irish speaker, and an educator who believed in creating opportunities for young people, Seán also believed in the well-being of the community – every community. That was the beginning of many years of support, advice and generosity from a first-class friend and neighbour.
We are grateful for everything he did for us, and we remain grateful to those who succeeded him in Coolmine and who continued the friendship and kindness established by Seán Ó Beacháin.
May God grant him eternal rest, and may his family find comfort in the many great things he accomplished here in Dublin 15 over the years.
____________________________
Seachtain na Gaeilge
1- 17ú Márta
Bain triail as |Give it a go
Ba bhreá linn cur le labhairt na Gaeilge sa chlós ar maidin. Tá cúpla nath simplí anseo a chuirfidh tús breá Gaelach leis an lá scoile duit.
We’d love to add to the amount of Irish spoken in the yard in the mornings. There are a few simple sayings below that will get your school day off to a grand, Irish start!
Dia dhuit ar maidin Hello this morning
Conas atá tú ar maidin? How are you this morning?
Nach bhfuil an mhaidin go hálainn? Isn’t this morning lovely?
Nach bhfuil an mhaidin go hainnis? Isn’t this morning miserable?
Aon scéal? Any news?
_____________________________________________________________________________________
_________________________________________________________________________
Máirt 9/02/27
Lá Idirnáisiúnta na Sábháilteachta ar líne
(International Internet Safety Day)
Máirt 9/02/27
Lá Idirnáisiúnta na Sábháilteachta ar líne
(International Internet Safety Day)
Eolas do thuismitheoirí - Sábháilteacht Idirlín
Go minic bíonn an baol ann go mbíonn do pháiste ag caitheamh níos mó ama ar an idirlíon. Tá sé níos deacra súil a choimeád orthu freisin.
Is fiú go mór na hailt seo a léamh nó féachaint ar na nascanna agus na suíomhanna thíos.
Some articles that are worth reading/websites worth visiting, as children spend time online.
Leideanna faoi Shábháilteacht Idirlín | Internet Safety Tips
Tá leideanna faoin tsábháilteacht idirlín le fáil ar leathanach "Nascanna Úsáideacha"
We have tips on Internet Safety on our page "Nascanna Úsáideacha"
__________________________________________________________________
|
|
|
_______________________________________________________________________________________
------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
_____________________________
Oíche Shamhna Shona Daoibh !
Oíche Shamhna Shona Daoibh !
Seachtain na Matamaitice 2027 |
Maths Week 2025
16ú - 24ú Deireadh Fómhair
Gach eolas ar fáil ag an nasc seo
All information at this link
Beidh Seachtain na Mata á cheiliúradh againn agus beidh deis ag na páistí 'súile mata' a beith acu, fadhbanna a réiteach agus tabhairt faoi ábhair go taitneamhach.
Is féidir tacú leis an obair seo sa bhaile freisin. Bí ag caint le do pháiste faoi mata sa timpeallacht -
msh.sa siopa, amchlár teilifíse/bus/traen, bácáil.
Tá neart nascanna úsáideacha thíos chun tacú leis an obair.
We will be celebrating Maths Week next week and the children will have the chance to use 'Maths Eyes', solve problems and have fun doing maths.
You can be involved in this work too. Talk to your child about maths in everyday life e.g shopping, bus/train/tv timetables and baking is a great one too.
There are lots of useful links here to support this work and there are some fun activities that you can do as a family.
Bainigí sult as an tseachtain!
#Bainúsáidasmata
Áit sa Rang Speisialta 2026/2027
Places in Special Class 2026/2027
________________________________________________________
______________________
Caoga Bliain ar an bhFód
Lá dár saol a bhí ann ar an Máirt 17 Meitheamh nuair a rinneamar ceiliúradh thíos san Ionad Youthreach i mBaile Bhlainséir. Is ansin a cuireadh tús le Scoil Oilibhéir i mí Iúil 1975. Bhí an t-ádh dearg go raibh na hiarphríomhoidí agus na hiar-leasphríomhoidí in ann a bheith i láthair le bheith páirteach sa cheiliúradh speisialta seo.
Siobhán Mhic Ionmhainn a bhí i gceannas ar an gcéad lá sin agus feicfidh tú thíos a raibh le rá ag Mícheál Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach bunaidh an Bhoird Bhainistíochta, fúithi. Bhí Siobhán linn agus in éineacht léi, bhí Máirín Bn Uí Chonnchubhair, bhí Seosamh Mac Ionmhainn, bhí Gráinne Bn. Uí Chaomhánaigh agus bhí Connchubhar Ó Brosnacháin. Bronnadh píosa beag ealaíne orthu go léir agus bhí deis ag na páistí ceisteanna a chur orthu faoi laethanta tosaigh Scoil Oilibhéir agus faoi Bhaile Bhlainséir na seachtóidí i gcoitinne.
Bhí baill an Bhoird Bhainistíochta reatha linn, bhí cathaoirligh Chumann na dTuismitheoirí, bhí an tAth. Dan Joe O'Mahony, bhí Teachtaí Dála áitiúla, Ruth Coppinger, Emer Currie agus Paul Donnelly.
Chan (agus sheinn) na páistí amhrán scríofa go speisilta don ócáid agus chabhraigh grúpa ceoil Colette chun atmaisféar álainn a chruthú. Mar chríoch leis an himeachtaí ansin, chuir Siobhán crann caorthainn.
Abhaile linn ansin go Scoil Oilibhéir 2025 agus cuireadh fáilte mhór roimh gach éinne, chomh maith le tae agus rudaí deasa.

An méid a bhí le rá ag Mícheál Muircheartaigh faoi bhunú Scoil Oilibhéir in 1975
____________________
Tá an Samhradh
buailte linn !
_______________________________
Cáisc Shona Daoibh !
____________________________________________________
'Anois teacht an Earraigh
Beidh an lá ag dul chun síneadh'
Padlet na Míosa
Féach faoin bPolasaí Iontrála | See under Admissions Policy
_______________________________________________________________________________
I gCuimhne ar Mhícheál Ó Muircheartaigh
In Remembrance of Mícheál Ó Muircheartaigh
- buíochas le Gráinne Uí Chaomhánaigh, iarphríomhoide na scoile
Cara mór na Gaeilge, cara mór an spóirt, cara na tíre ar fad, ach dúinne anseo i Scoil Oilibhéir, tá ár gcara dílis Mícheál, ar lár.
Nach mór 50 bliain ó shin, tháinig grúpa tuismitheoirí ó Bhaile Bhlainséir le chéile agus aidhm amháin acu – Gaelscoil a bhunú dá bpáistí. B’é Mícheál Ó Muircheartaigh an ceannródaí ar an ngrúpa sin. Níor fágadh doras gan cnagadh air agus níor glacadh le leathscéalta ó Aire Rialtais nó go raibh cead agus aitheantas faighte Gaelscoil nua a bhunú anseo i mBaile Bhlainséir.
Níor tháinig deireadh leis an obair ansin. Bhí an scoil lonnaithe sa tsean-cheardscoil sa sráidbhaile sna blianta tosaigh. Theastaigh ár suíomh féin uainn chun go dtiocfadh fás agus forbairt ar an scoil. Micheál a thiomáin an obair sin ar fad, eisean agus baill eile an Bhoird Bainistíochta Bhunaidh. Chaith sé thart ar 10 mbliana mar chathaoirleach ar an Scoil, ag spreagadh, ag stiúradh, ag cothú, ag forbairt, ag pleanáil roimhe, Bhí a
chroí sa Ghaelscolaíocht, agus bhí Scoil Oilibhéir lárnach ina chroí.
Cúis mhórtais dúinn ár ndlúthcheangal le Mícheál, agus bhí seisean i gcónai an-bhróduil as Scoil Oilibhéir.
Déanaimíd comhbhrón o chroí le Helena, a bhean , agus lena chlann Éamonn, Niamh, Aonghus, Cormac, Neasa, Nuala, Eadaoin agus Doireann – iarscoláiri linn.
Suaimhneas síoraí a Mhíchíl, a chara . Codladh sámh.
A great friend of the Irish language, a great friend of sport, a great friend to the entire country, but for us in Scoil Oilibhéir, our loyal friend Mícheál, has left us.
,
Almost 50 years ago, a group of parents from Blanchardstown came together with one aim - establishing a Gaelscoil for their children. It was Mícheál Ó Muircheartaigh who was leader and guide to that group. No door was left without a knock and no excuses were accepted from Government Ministers, until there was permission and recognition granted to establish a new Gaelscoil in Blanchardstown.
The work didn't end there. The school was based in the old vocational school in the village in those early years. We wanted our own site to grow and develop the school. It was Mícheál who drove all that work, himself and members of that first Board of Management. He spent around 10 years as Chairperson of the school, inspiring, guiding, nurturing, developing and planning. His heart was in Irish medium education and Scoil Oilibhéir was at the centre of his heart.
Our friendship with Mícheál has always been a source of pride for us and he was always proud of Scoil Oilibhéir.
We send our sincere condolences to Helena, his wife, and to his whole family, Éamon, Niamh. Aonghus, Cormac, Neasa, Nuala, Éadaoin and Doireann - all past-pupils.
Eternal rest to you Mícheál, our friend. Sleep well.

_____________________________________________________________________________________________
| Fógra Bliantúil Iontrála | Annual Admissions Notice.2024.2025 | |
| File Size: | 282 kb |
| File Type: | |
________________________________________________________________________________________
Fógra Iontrála Bliantúil do Rang na Réaltaí
Annual Enrolment Notice for Rang na Réaltaí
Tá an Fógra Iontrála Bliantúil do Rang na Réaltaí ag an nasc seo.
The Annual Enrolment Notice for Rang na Réaltaí is at this link
Tuairiscí dheireadh na Bliana | End of Year Reports
Féach thíos nasc chuig bileoga eolais faoi na scóir sna Measúnuithe Dhroim Conrach
See the links below for information sheets about the score sin the Drumcondra Assessments
|
| ||||||||||||
_____________________________________________
Seachtain na Frithbhulaíochta 2027
14ú - 18ú Samhain
Tá cosc ar an mbulaíocht i Scoil Oilibhéir!
14ú - 18ú Samhain
Tá cosc ar an mbulaíocht i Scoil Oilibhéir!
______________________________________________________________________________________
Céard a dhéanann An Clár Bí Sábháilte?
Is é aidhm an Chláir Bí Sábháilte scileanna um shábháilteacht phearsanta a mhúineadh do leanaí ionas gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin i gcásanna a d’fhéadfadh cur isteach orthu nó a bheith contúirteach. Pléitear cásanna coitianta ann i dtosach a dtiocfaidh leanaí trasna orthu ag am éigin, e.g. dul amú nó fulaingt de bharr bulaíochta. Múintear sa chlár freisin na scileanna sábháilteachta riachtanacha do leanaí chun iad féin a chosaint ó mhí-úsáid fhisiciúil nó ghnéasach agus cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le fadhbanna ar bith a bhíonn acu a insint do dhaoine fásta a bhfuil muinín acu as.
What does the Stay Safe programme do?
The aim of the Stay Safe programme is to teach children personal safety skills so they can look after themselves in situations which could be upsetting or dangerous. It deals initially with common situations which most children will experience at some stage or other, e.g. getting lost or being bullied. The programme also teaches children the safety skills necessary to protect themselves from physical or sexual abuse and emphasises the importance of telling a trusted adult about any problems they have.

| Information.Book.English.2019 | |
| File Size: | 302 kb |
| File Type: | |
| Lámhleabhar.Eolais.as.Gaeilge.2019 | |
| File Size: | 283 kb |
| File Type: | |
| Litir.Aladdin.Béarla.Gaeilge | |
| File Size: | 274 kb |
| File Type: | |
| Nós.Imeachta.Um.Ghearáin | |
| File Size: | 204 kb |
| File Type: | |
Ráiteas um Chumhdach Leanaí/Child Safeguarding Statement
Tá Ráiteas um Chumhdach Leanaí ar an suíomh anois ag an nasc seo thíos. Tá Measúnacht Priacail ag an scoil atá le feiceáil ach í a iarraidh ar an Oifig.
There is a Child Safeguarding Statement on the website now at the link below. The School also has a Risk Assessment which can be seen on request through the Oifig.
|
| ||||||||||||
|
| ||||||||||||
| LCC and CCC Report Public Consultation And Small Area Data Review | |
| File Size: | 2174 kb |
| File Type: | |