Tá ochtar ball ag an mBord Bainistíochta 2019 -2023:
- Beirt tofa ó na tuismitheoirí; Karen Uí Chaiside, Pádraig Mac Sléimhne;
- An Príomhoide: Antóin Ó Cléirigh
- Duine amháin ó na múinteoirí: Lára Ní Riain
- Beirt ainmithe ag an bpátrún (Ardeaspag Bhaile Átha Cliath): Ruairí Ó Dúlaing agus Seamie Ó Néill
- Beirt eile a thagann ón bpobal i gcoitinne: Micheál Ó Maolruanaidh agus Maedhbh Daltúin
Cé gurb é Antóin príomhoide na scoile, is é an Bord an comhlacht atá freagrach as bainistiú na scoile. Ciallaíonn sé sin, i measc nithe eile, nach mór dúinn, polasaithe éagsúla na scoile a fhorbairt agus a nuashonrú, a chinntiú go n-úsáidtear na hacmhainní go léir go héifeachtach agus a chinntiú go n-oibríonn an scoil chun an caighdeán oideachais atá ard cheana féin a ardú dár bpáistí trí mheán na Gaeilge. Má tá suim agat i níos mó eolas faoi na róil agus freagrachtaí an Bhoird, féach le do thoil ar https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Boird-Bhainist%C3%ADochta/Bord-Bainist%C3%ADochta-.html
https://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Boards-of-Management/Boards-of-Management.html
The Board has 8 members:
- 2 are elected from the parents; Karen Uí Chiaside and Pádraig Mac Sleimhne;
- 1 is the Principal: Antóin Ó Cléirigh
- 1 is a nominee of the teachers: Lára Ní Riain
- 2 are nominated by the patron (Archbishop of Dublin): Ruairí Ó Dúlaing and Seamie Ó Néill
- 2 others come from the wider community: Micheál Ó Maolruanaidh and Maedhbh Daltúin
While Antóin is principal of Scoil Oilibhéir, the Board of Management is the body that is actually responsible for the management of school. This means that, amongst other things, we have to develop and update the various school policies, make sure that all resources are used efficiently and ensure that the school works to continually improve the already high quality of education provided to our children through the medium of Irish. If you are interested in knowing more about the roles and responsibilities of the Board, please see https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Boird-Bhainist%C3%ADochta/Bord-Bainist%C3%ADochta-.html
https://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Boards-of-Management/Boards-of-Management.html
Cathaoirleach/Ainmní an Phátrúin - Ruairí Ó Dúlaing
Tá Ruairí ar an mBord don tríú tréimhse anois. Chuaigh a bheirt páistí go dtí Scoil Oilibhéir ach tá siad imithe le cúpla bliain anois. Is as Baile Átha Cliath é, d’fhás sé le Gaeilge sa bhaile, chuaigh sé féin ar scoil i Scoil Cholmcille (Sráid Mhaolbhríde) agus ag meánscoil i gColáiste Eoin i mBaile an Bhóthair. Tá an-suim aige sa teanga, sa cheol agus sa spórt Gaelach ón am seo. Tá sé ag obair le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin anois, agus cabhraíonn sé le foireann iomanaíochta Chaisléan Cnucha ina am saor.
Príomhoide – Antóin Ó Cléirigh
Is as Loch Garman Geal na Gréine dó ó dhúchas. Tá Céim Ealaíon aige ó Mhá Nuad sa Stair agus sa Nua-Ghaeilge. Rinne sé an cúrsa Iar-Chéime sa Bhunmhúnteoireacht i gColáiste Phádraig agus d'éirigh leis MA sa Ghaeilge a bhaint amach in 2009. Tá an-suim aige sa Chumann Luthchleas Gael, tá sé ina bhall de Chumann Báire agus Peile Chaisleán Cnucha agus déanann sé traenáil agus imirt le foirne de gach aois chomh minic agus is féidir leis. Thosaigh sé i Scoil Oilibhéir in 2002 agus is anseo atá sé ó shin! Thaitin atmaisféar agus muintir na scoile leis ón gcéad lá. Ceapadh mar phríomhoide é in 2015 agus tá sé ag baint taitnimh as an bpost. Bíonn sé de shíor ag foghlaim áfach agus beidh Fáilte Uí Cheallaigh roimh dhuine ar bith a thagann chun cainte leis. Tá doras na hoifige i gcónaí ar leathadh!
Ainmní na Múinteoirí – Lára Ní Riain
Is as Co. Chiarraí í Lára. Tá sí ag obair i Scoil Oilibhéir ó 2005. Tá Baitsiléir san Oideachas aici ó Choláiste Mhuire gan Smal i Luimneach. In 2011 bhain sí M.Oid. amach le Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath ag déanamh taighde ar an gcóras luath-thumoideachas i Scoil Oilibhéir. Tá sí ag obair leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí le cúpla bliain anuas ag tacú le scoileanna eile ina bhfuil múinteoirí nuacháilithe.
Ainmní na dTuismitheoirí – Karen Uí Chaiside
Seo an chéad bhliain do Karen bheith ar an mBord. Is as Caisleán Cnucha di ó dhúchas agus tá triúr páistí aici i Scoil Oilibhéir. Cé nach raibh Gaeilge ag Karen ó dhúchas, bhí an-dúil aici sa teanga ó aois an-óg. Tá sí cáilithe mar mhúinteoir meánscoile Ceoil agus Gaeilge, idir Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Coláiste na Tríonóide agus d’oibrigh sí go lánaimsearthae mar mhúinteoir Gaeilge i mBÁC 15, ó 2005 - 2017. In 2015, bhain sí Dioplóma Dlí amach ó Scoil Ghnó BÁC agus d’éirigh léi Dioplóma Iarchéime sa Cheannaireacht Oideachais a bhaint amach le hOllscoil na hÉireann Má Nuad in 2016. Tá sí i mbun PhD faoi láthair le Coláiste na Tríonóide, ag déanamh taighde ar Ghaeilge agus idirchultúrachas in Éirinn. Oibríonn sí mar Chomairleoir Gaeilge do mhúinteoirí meánscoile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus mar Léachtóir páirtaimseartha do mhic léinn na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas.
Ainmní na dTuismitheoirí - Pádraig Mac Sléimhne
Ainmní an Phatrúin - Seamie Ó Néill
Comhalta ón bPobal - Micheál Ó Maolruanaidh
Seo an chéad bhliain de Mhicheál a bheith ar an Bhord. Tá beirt pháistí aige, mac agus iníon, an bheirt acu i Scoil Oilibhéir. Is as Cluain Saileach dó agus is iarscoláire Scoil Oilibhéir é. Tá taithí aige ar obair sa réimse airgeadais agus san earnáil phoiblí, agus beidh seo ina chuidiú don Bhord. Tá sé ag obair i rannóg airgeadais Fhoras na Gaeilge le cúpla bliain. Is ball gníomhach de Chlub CLG Éire go Brách é.
Comhalta ón bPobal - Maedhbh Daltún
Seo an chéad bhliain do Mhaedhbh bheith ar an mBord. Is as Sord Cholmcille di agus tá Gaeilge aici ó dhúchas. Tá sí ina cónaí i mBÁC 15 le 20 bliain anuas. D'Fhreastail sí ar Scoil Mobhí agus ar Scoil Chaitríona mar dhalta. Tá sí cáilithe mar mhúinteoir meánscoile Ceoil agus Gearmáinise. Tá Máistreacht aici san Oideachas ó Mháigh Nuad freisin.
Tá sí ag obair mar Phríomhoide meánscoile i nGaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín. Tá an-dúil ag Maedhbh sa Ghaeilge, sa cheol agus tá an-suim aici i gcúrsaí riachtanais bhreise oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta.