Scoil Oilibhéir
01-8215277      [email protected]      085-1616016 
  • BAILE | Home
  • OBAIR NA bPÁISTÍ | Children's Work
    • Naíonáin Bheaga
    • Naíonáin Mhóra
    • Rang 1.Buí
    • Rang 1.Glas
    • Rang 2
    • Rang 3
    • Rang 4
    • Rang 5.Glas
    • Rang 5.Buí
    • Rang 6
    • Rang na Réaltaí
  • Ár Scoil - Fís agus Ráiteas Misin | Our School - Vision and Mission Statement
    • BRAT GLAS | Green Flag
    • RIALACHA | Rules
    • EOLAS SLÁINTE | Health Information
    • STAIR NA SCOILE | School History
    • SPÓRT | Sport
    • FILLEADH AR SCOIL COVID-19 Return to School
  • IONTRÁIL | Admissions
  • BÍ CINEÁLTA
  • SCOIL GHNÍOMHACH | Active School
    • Comhpháirtíochtaí
    • Corpoideachas
    • Gníomhaíochtaí Fisiciúla
    • Seachtain Gníomhach
  • POLASAITHE | Policies
    • FÓGRA PRÍOBHÁIDEACHAIS | Privacy Notice
    • PLEAN LABHAIRT NA GAEILGE
    • ÚSÁID INGHLACTHA DON TEICNEOLAÍOCHT | Acceptable Use Policy for Technology
    • POLASAÍ UM CHUMARSÁID | Policy around Communication
    • COSAINT SONRAÍ | Data Protection
    • ÁRACHAS PEARSANTA | Personal Insurance
    • CÓD IOMPAIR | Code of Behaviour
    • CUMHDACH LEANAÍ | Child Safeguarding
    • FEITHEOIREACHT | Supervision
    • AN NÓS IMEACHTA ATHBHREITHNITHE MAIDIR LE GEARÁIN Ó THUISMITHEOIRÍ | Revised Parental Complaints Procedure
    • POLASAÍ UM GHUTHÁIN AGUS UM GHLÉASANNA LEICTREONACHA | Policy around Phones and Electronic Devices 2023
    • IONTRÁIL | Enrolment
    • NA MEÁIN SHÓISIALTA | Social Media
    • OBAIR BHAILE | Homework
    • POLASAÍ FRITHBHULAÍOCHTA | Anti-Bullying Policy
    • POLASAÍ TEANGA | Language Policy
    • TABHAIRT AMACH LEIGHEAS | Administration of Medicines
    • TINREAMH AGUS PONCÚLACHT | Attendance and Punctuality
    • ÚSÁID NA SCOILE | Use of School
    • POLASAÍ TWITTER | TWITTER Policy
  • NUACHTLITREACHA | Newsletter
  • FÉILIRE | Calendar
  • NAISC ÚSÁIDEACHA | Useful Links
  • AN BORD BAINISTÍOCHTA | Board of Management
  • FOIREANN NA SCOILE | School Staff
  • CUMANN NA dTUISMITHEOIRÍ | Parents' Association
  • TIONSCNAIMH BHONNEAGAIR | Infrastructure Projects
  • LÁMHLEABHAR EOLAIS DO THUISMITHEOIRÍ/CHAOMHNÓIRÍ Parents'/Guardians' Handbook
  • LÉIRIÚ SUIME | Expression of Interest
  • SIOPA SCOIL OILIBHÉIR
  • DÉAN TEAGMHÁIL LINN | Contact Us
Nuacht is déanaí

A chairde, 
Bígí linn don oíche álainn seo atá á heagrú ag Cumann na dTuismitheoirí chun breithlá mór Scoil Oilibhéir a cheiliúradh againn! Tá an Dinnéar Mór speisialta seo oscailte do chách - teaghlaigh reatha, iardhaltaí, iartheaghlaigh, agus cairde eile na scoile. Deis iontach é chun bualadh le chéile arís agus cuimhní a roinnt. Tosóidh an oíche le fáiltiú galánta seaimpéine, agus béile blasta trí chúrsa. Is féidir leat damhsa a dhéanamh go maidin le siamsaíocht ó bhanna beo agus DJ!  Beimid ag dul síos bóithrín na smaointe freisin, ach beidh tuilleadh eolais faoi sin nsa seachtainí romhain! A bhuí leis an tacaíocht fhlaithiúil ó Bhord Bainistíochta na scoile agus ó Chumann na dTuismitheoirí, is féidir linn praghas na dticéad a choinneáil go €75 an duine.
Tá súil againn sibh a fheiceáil ann agus táimid ag tnúth go mór leis an gceiliúradh.
Beidh teorainn le líon na dticéad a bheidh ar fáil agus is féidir iad a cheannach trí chliceáil ar an íomhá thíos. Ba mhór againn é dá roinnfeadh sibh an íomhá seo ceangailte ar na meáin shóisialta agus le grúpaí whatsapp ábhartha in mbeadh dúil ag daoine cloisteáil faoi.  
Join us for a wonderful night orgnised by our Parents' Association to celebrate the 50th Anniversary of Scoil Oilibhéir! This special Dinner Dance is open to everyone - current families, past pupils, past families, and friends of the school. It’s a perfect opportunity to reconnect and share memories. The evening will begin with a glamorous champagne reception, followed by a delicious three-course meal. You can dance the night away with entertainment provided by a live band and a DJ!
There'll also be some visits down Memory Lane, more about that over the coming weeks! Due to the generous support of the Board of Management and the Parents' Association, we have been able to keep the ticket price to just €75 per person.
We hope to see you there and look forward to the celebrations. 
Tickets are limited and can be bought by clicking on the image below. We'd really appreciate if you could share this image attached on social media and in relevant whatsapp groups where people might like to know about it.
Picture


​Uimhir Charthanais Chláraithe 20205642
Registered Charity Number (RCN) 
----------------------------------------------------------------------------
​

Bailiuchán Bia agus Táirgí Sláinteachais don Nollaig |  Collection of Food and hygiene products for Christmas
​

Tá Comhairle na nDaltaí ag eagrú Bailiuchán Bia agus Táirgí Sláinteachais don Nollaig agus dhá bhronnadh ar Feed Our Homeless. Tá muid ag lorg boscaí milseáin, criospaí, seacláid, mionraí, málaí tae, caife, siúcra, salann agus boscaí brioscaí chomh maith le táirgí sláinteachais (scuab fiacla, taos fiacla, glóthach cithfholcadáin), éadaí bunúsacha (stocaí nua, hataí, scairf agus láimhiní).
Beidh muid ag bailiú taobh amuigh den scoil gach maidin agus ag am dul abhaile go dtí Luan an 16 Nollag. Cuirfidh deonú fiú earra amháin go mór le Nollaig teaghlaigh eile.
Tá an charthanacht Feed Our Homeless dirithe ar chabhrú  agus  difríocht a dhéanamh do shaol na ndaoine atá buailte ag easpa dídine agus iad siúd atá imeallaithe sa tsochaí. Táimid ag iarraidh ort bia neamh-mheatacha a bhronnadh chun tacú leo an Nollaig seo. Tabharfar na hearraí go léir a bhronnfar do Feed our Homeless agus dáiltear an bia ar na teaghlaigh áitiúla agus daoine gan dídean. Ba bhliain dhúshlánach í seo do go leor teaghlach agus mar sin, cuirfidh deonú earra amháin breise ón liosta siopadóireachta go mór le Nollaig teaghlaigh eile.  Níl aon amhras orm ach go mbeidh meas ar an bhflaithiúlacht seo.

Comhairle na nDaltaí is organising a Christmas Food and Hygiene Supplies Appeal and donating it to the  Feed our Homeless Charity.They are looking for Boxes of sweets, crisps, chocolate, minerals, tea bags, coffee, sugar, salt and boxes of biscuits as well as  hygiene supplies  ( toothbrush, toothpaste, shower gel ), basic clothing (new socks, hats, scarves, and gloves) They will be collecting outside school every morning and again at home time until Monday the 16th of December. The donation of just one item, will make an enormous contribution to another family’s Christmas.
Feed Our Homeless is dedicated to making a difference to the lives of people who are affected by homelessness and those who are marginalised in society. We are asking you to donate non-perishable food to support individuals and families who need help most this Christmas. All items donated will be given to Feed our Homeless who will in turn distribute it to local families in need as well as the homeless. This has been a challenging year for many families in Ireland.  And so, the donation of just one additional item on a shopping list, will make an enormous contribution to another family’s Christmas.  I have no doubt that this generosity will be appreciated.
Picture
Picture
IONTRÁIL na Naíonán Beag 26/27 | Junior Infant Enrolment 26/27
------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
Padlet na Nollag
_____________________________

Oíche Shamhna Shona Daoibh !
Padlet - Oíche Shamhna


​Seachtain na Matamaitice 2025 |
Maths Week 2025
20ú - 24ú Deireadh Fómhair

Gach eolas ar fáil ag an nasc seo 
All information at this link 
​



Beidh Seachtain na Mata á cheiliúradh againn agus beidh deis ag na páistí 'súile mata' a beith acu, fadhbanna a réiteach agus tabhairt faoi ábhair go taitneamhach.
​
Is féidir tacú leis an obair seo sa bhaile freisin. Bí ag caint le do pháiste faoi mata sa timpeallacht -
msh.sa siopa, amchlár teilifíse/bus/traen, bácáil.

Tá neart nascanna úsáideacha thíos chun tacú leis an obair. 


We will be celebrating Maths Week next week and the children will have the chance to use 'Maths Eyes', solve problems and have fun doing maths. 
You can be involved in this work too. Talk to your child about maths in everyday life e.g shopping, bus/train/tv timetables and baking is a great one too.
There are lots of useful links here to support this work and there are some fun activities that you can do as a family. 


Bainigí sult as an tseachtain!
#Bainúsáidasmata



Mata Bunscoile - Padlet
Maths Week Stage 1  - Padlet
Fun for the Brain
IXL - Maths
Maths Week
Oxford Owl - Mata
Maths is Fun
Mata go Deo - Leabhar
Topmarks  (Naíonáin - R1)
Wordwall - Lines and Angles
Topmarks R2-6
Buzz Maths
Maths Chase
Mata go Deo - Postaer

_____________________________________________

​Tá an t-eolas agus na naisc ar fad a bhaineann le hIontráíl do Rang na Réaltaí (An Rang Uathachais) le fáil ag an nasc seo

All information and links for Enrolment in Rang na Réaltaí (Autism Class) ar available at this link 

Picture
Picture

Áit sa Rang Speisialta  2026/2027
​
Places in Special Class 2026/2027

Picture

​
________________________________________________________
Scéalta do Pháistí - Padlet
Rannta, Dánta agus Amhráin - Padlet


​___________________________________________________
​

Bliots Peile
D'eagraigh Rang 6 bliots peile idir ranganna 4, 5 & 6. Bhí an cluiche cheannais ar siúil inniu agus bhí an bua ag Senegal. Mí-ádh leis an Spáinn. 


​Lá  Spóirt   2025

______________________
​
Caoga Bliain ar an bhFód

Lá dár saol a bhí ann ar an Máirt 17 Meitheamh nuair a rinneamar ceiliúradh thíos san Ionad Youthreach i mBaile Bhlainséir. Is ansin a cuireadh tús le Scoil Oilibhéir i mí Iúil 1975. Bhí an t-ádh dearg go raibh na hiarphríomhoidí agus na hiar-leasphríomhoidí in ann a bheith i láthair le bheith páirteach sa cheiliúradh speisialta seo. 
Siobhán Mhic Ionmhainn a bhí i gceannas ar an gcéad lá sin agus feicfidh tú thíos a raibh le rá ag Mícheál Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach bunaidh an Bhoird Bhainistíochta, fúithi. Bhí Siobhán linn agus in éineacht léi, bhí Máirín Bn Uí Chonnchubhair, bhí Seosamh Mac Ionmhainn, bhí Gráinne Bn. Uí Chaomhánaigh agus bhí Connchubhar Ó Brosnacháin. Bronnadh píosa beag ealaíne orthu go léir agus bhí deis ag na páistí ceisteanna a chur orthu faoi laethanta tosaigh Scoil Oilibhéir agus faoi Bhaile Bhlainséir na seachtóidí i gcoitinne.     

Bhí baill an Bhoird Bhainistíochta reatha linn, bhí cathaoirligh Chumann na dTuismitheoirí, bhí an tAth. Dan Joe O'Mahony, bhí Teachtaí Dála áitiúla, Ruth Coppinger, Emer Currie agus Paul Donnelly. 

Chan (agus sheinn) na páistí amhrán scríofa go speisilta don ócáid agus chabhraigh grúpa ceoil Colette chun atmaisféar álainn a chruthú. Mar chríoch leis an himeachtaí ansin, chuir Siobhán crann caorthainn.

Abhaile linn ansin go Scoil Oilibhéir 2025 agus cuireadh fáilte mhór roimh gach éinne, chomh maith le tae agus rudaí deasa.      
 
Picture
Picture

An méid a bhí le rá ag Mícheál Muircheartaigh faoi bhunú Scoil Oilibhéir in 1975

_____________________
​
Seantrabh 2025 
Comhghairdeas mór libh !

____________________
​
Tá an Samhradh
​buailte linn !

An Samhradh - Padlet

_______________________________
​
Cáisc Shona Daoibh !

An Cháisc  - Padlet

____________________________________________________________
​

CORIM GAEL LINN 2025

__________________________________________________________________________________
​
​Seachtain na Gaeilge, 1 - 17 Márta.

Seachtain na Gaeilge - 2025
Séaidán Sí
Cliuchí Cleite

Bain triail as |Give it a go
Ba bhreá linn cur le labhairt na Gaeilge sa chlós ar maidin. Tá cúpla nath simplí anseo a chuirfidh tús breá Gaelach leis an lá scoile duit.
We’d love to add to the amount of Irish spoken in the yard in the mornings.  There are a few simple sayings below that will get your school day off to a grand, Irish start!

Dia dhuit ar maidin Hello this morning
Conas atá tú ar maidin? How are you this morning?
Nach bhfuil an mhaidin go hálainn? Isn’t this morning lovely?
Nach bhfuil an mhaidin go hainnis? Isn’t this morning miserable?
Aon scéal? Any news? 

Padlet  - Seachtain na Gaeilge / Lá Fhéile Pádaraig
Padlet - Cluichí Gaeilge
Picture
_________________________________________________________________________
​
                    Máirt 11/02/25
​​Lá Idirnáisiúnta na Sábháilteachta ar líne 
                                       (International Internet Safety Day)
​


Eolas do thuismitheoirí - Sábháilteacht Idirlín
Go minic bíonn an baol ann go mbíonn do pháiste ag caitheamh níos mó ama ar an idirlíon.  Tá sé níos deacra súil a choimeád orthu freisin.
Is fiú go mór na hailt seo a léamh nó féachaint ar na nascanna agus na suíomhanna thíos.

Some articles that are worth reading/websites worth visiting, as children spend time online.
​

Leideanna faoi Shábháilteacht Idirlín | Internet Safety Tips
Tá leideanna faoin tsábháilteacht idirlín le fáil ar leathanach  "Nascanna Úsáideacha" 
We have tips on Internet Safety on our page "Nascanna Úsáideacha"
__________________________________________________________________
​
Internet Safety For Kids - Social Netiquette - Parent Talk
Gov.ie - Smartphones in Primary Schools
Webwise  - Gaeilge
Webwise - English
Cyber Academy - Gaeilge
Cyber Academy - English
Webwise Presentations/Kahoot Quiz (R1-R6, Gaeilge/English)
Tuismitheoirí - Parents
Múinteoirí - Teachers
HTML Heroes (R3 + R4)
My Selfie and the Wider World (R5 + R6)
Digi Ducks - N.Bh/N.M/R1
HTML Heros - (R1 + R2)
Childnet
Laochra HTML - (Gaeilge)

____________________________________________________
​
'Anois teacht an Earraigh

Beidh an lá ag dul chun síneadh' ​

Lá Fhéile Bríde & an tEarrach  - Padlet

______________________________________________________

Comhghairdeas Mór Libh !

Comhghairdeas mór le daltaí Scoil Oilibhéir a ghlac páirt i gComórtas Snámha Laighean. D'éirigh go hiontach leo ar fad agus tá béirt ag dul ar aghaidh go dtí na Comórtais Náisiúnta !
________________________________________
​

Padlet na Míosa
​

Scéalta do Pháistí

Féach faoin bPolasaí Iontrála | See under Admissions Policy

Picture
Picture
_______________________________________________________________________________

I gCuimhne ar Mhícheál Ó Muircheartaigh
In Remembrance of Mícheál Ó Muircheartaigh

- buíochas le Gráinne Uí Chaomhánaigh, iarphríomhoide na scoile

Picture
Cara mór na Gaeilge, cara mór an spóirt, cara na tíre ar fad, ach dúinne anseo i Scoil Oilibhéir, tá ár gcara dílis Mícheál, ar lár.

Nach mór 50 bliain ó shin, tháinig grúpa tuismitheoirí ó Bhaile Bhlainséir le chéile agus aidhm amháin acu – Gaelscoil a bhunú dá bpáistí. B’é Mícheál Ó Muircheartaigh an ceannródaí ar an ngrúpa sin. Níor fágadh doras gan cnagadh air agus níor glacadh le leathscéalta ó Aire Rialtais nó go raibh cead agus aitheantas faighte Gaelscoil nua a bhunú anseo i mBaile Bhlainséir.
Níor tháinig deireadh leis an obair ansin. Bhí an scoil lonnaithe sa tsean-cheardscoil sa sráidbhaile sna blianta tosaigh. Theastaigh ár suíomh féin uainn chun go dtiocfadh fás agus forbairt ar an scoil. Micheál a thiomáin an obair sin ar fad, eisean agus baill eile an Bhoird Bainistíochta Bhunaidh. Chaith sé thart ar 10 mbliana mar chathaoirleach ar an Scoil, ag spreagadh, ag stiúradh, ag cothú, ag forbairt, ag pleanáil roimhe, Bhí a
chroí sa Ghaelscolaíocht, agus bhí Scoil Oilibhéir lárnach ina chroí.

Cúis mhórtais dúinn ár ndlúthcheangal le Mícheál, agus bhí seisean i gcónai an-bhróduil as Scoil Oilibhéir.

Déanaimíd comhbhrón o chroí le Helena, a bhean , agus lena chlann Éamonn, Niamh, Aonghus, Cormac, Neasa, Nuala, Eadaoin agus Doireann – iarscoláiri linn.

Suaimhneas síoraí a Mhíchíl, a chara . Codladh sámh.

A great friend of the Irish language, a great friend of sport, a great friend to the entire country, but for us in Scoil Oilibhéir, our loyal friend Mícheál, has left us.
,
Almost 50 years ago, a group of parents from Blanchardstown came together with one aim - establishing a Gaelscoil for their children. It was Mícheál Ó Muircheartaigh who was leader and guide to that group. No door was left without a knock and no excuses were accepted from Government Ministers, until there was permission and recognition granted to establish a new Gaelscoil in Blanchardstown.

The work didn't end there. The school was based in the old vocational school in the village in those early years. We wanted our own site to grow and develop the school. It was Mícheál who drove all that work, himself and members of that first Board of Management. He spent around 10 years as Chairperson of the school, inspiring, guiding, nurturing, developing and planning. His heart was in Irish medium education and Scoil Oilibhéir was at the centre of his heart.

Our friendship with Mícheál has always been a source of pride for us and he was always proud of Scoil Oilibhéir.

We send our sincere condolences to Helena, his wife, and to his whole family, Éamon, Niamh. Aonghus, Cormac, Neasa, Nuala, Éadaoin and Doireann - all past-pupils.

Eternal rest to you Mícheál, our friend. Sleep well.



​​Cumann na mBunscol
Comhghairdeas libh a bhuachaillí agus a chailíní !


_____________________________________________________________________________________________

​
Fógra Bliantúil Iontrála | Annual Admissions Notice.2024.2025
File Size: 282 kb
File Type: pdf
Download File

________________________________________________________________________________________


​Fógra Iontrála Bliantúil do Rang na Réaltaí
Annual Enrolment Notice for Rang na Réaltaí

Tá an Fógra Iontrála Bliantúil do Rang na Réaltaí ag an nasc seo.
The Annual Enrolment Notice for Rang na Réaltaí is at this link

Tuairiscí dheireadh na Bliana | End of Year Reports

Féach thíos nasc chuig bileoga eolais faoi na scóir sna Measúnuithe Dhroim Conrach

See the links below for information sheets about the score sin the Drumcondra Assessments

Scóir Chaighdeánacha Mínithe
File Size: 912 kb
File Type: pdf
Download File

Standardised Scores Explained
File Size: 915 kb
File Type: pdf
Download File

 _____________________________________________
 Seachtain na Frithbhulaíochta 2024
14ú - 18ú Samhain
Tá cosc ar an mbulaíocht i Scoil Oilibhéir!
Polasaí Frithbulaíochta - Anti-bullying Policy

______________________________________________________________________________________

​Céard a dhéanann An Clár Bí Sábháilte?
​

Is é aidhm an Chláir Bí Sábháilte scileanna um shábháilteacht phearsanta a mhúineadh do leanaí ionas gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin i gcásanna a d’fhéadfadh cur isteach orthu nó a bheith contúirteach.   Pléitear cásanna coitianta ann i dtosach a dtiocfaidh leanaí trasna orthu ag am éigin, e.g. dul amú nó fulaingt de bharr bulaíochta.   Múintear sa chlár freisin na scileanna sábháilteachta riachtanacha do leanaí chun iad féin a chosaint ó mhí-úsáid fhisiciúil nó ghnéasach agus cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le fadhbanna ar bith a bhíonn acu a insint do dhaoine fásta a bhfuil muinín acu as.
What does the Stay Safe programme do?
The aim of the Stay Safe programme is to teach children personal safety skills so they can look after themselves in situations which could be upsetting or dangerous. It deals initially with common situations which most children will experience at some stage or other, e.g. getting lost or being bullied. The programme also teaches children the safety skills necessary to protect themselves from physical or sexual abuse and emphasises the importance of telling a trusted adult about any problems they have.
Bí Sábháilte
Stay Safe
Do Thuismitheoirí
For Parents
Tuismitheoirí
Stay Safe
Information.Book.English.2019
File Size: 302 kb
File Type: pdf
Download File

Lámhleabhar.Eolais.as.Gaeilge.2019
File Size: 283 kb
File Type: pdf
Download File

Litir.Aladdin.Béarla.Gaeilge
File Size: 274 kb
File Type: pdf
Download File

Nós.Imeachta.Um.Ghearáin
File Size: 204 kb
File Type: pdf
Download File

Picture
Picture
Áiseanna  / Resources
Seachtain na Gaeilge
Frásaí do Thuismitheoirí
Is féidir liom ! (cúrsa/course)
Séideán Sí
Féasta Focal
Subh.ie
Scríobh Leabhar

Ráiteas um Chumhdach Leanaí/Child Safeguarding Statement 
Tá Ráiteas um Chumhdach Leanaí ar an suíomh anois ag an nasc seo thíos.  Tá Measúnacht Priacail ag an scoil atá le feiceáil ach í a iarraidh ar an Oifig.

There is a Child Safeguarding Statement on the website now at the link below. The School also has a Risk Assessment which can be seen on request through the Oifig. 
 

Ráiteas um Chumhdach Leanaí.Child Safeguarding Statement
Eolas do Phobal na Scoile 12.2.2018.docx
File Size: 24 kb
File Type: docx
Download File

cruinniú_le_tuismitheoirí.pdf
File Size: 1009 kb
File Type: pdf
Download File

Achoimre Fheidhmeach ar Chomhairliúchán na nGeallshealbhóirí
File Size: 471 kb
File Type: pdf
Download File

Stakeholder Consultation Executive Summary.pdf
File Size: 224 kb
File Type: pdf
Download File

LCC and CCC Report Public Consultation And Small Area Data Review
File Size: 2174 kb
File Type: pdf
Download File

© 2014 Scoil Oilibhéir. This Website is Copyright Protected - All Rights Reserved.